Ealaín ón gcuid Chaitliceach ó dheas den Ollainn, go ginearálta an Bheilg is Lucsamburg anois. An-cháil ar phéintéirí an réigiúin sa 14ú céad as maisiú lámhscríbhinní, agus sa 15ú céad as pictiúir altóra is portráidí ar phainéil, saothar Campin, van Eyck, van der Weyden, Bouts is Memlinc go háirithe. Lean an caighdeán ard sa 16ú céad nuair a tháinig Bosch is Brueghel, duine de na healaíontóirí is fearr riamh i gcomhair radhairc tíre, chun cinn, agus sa 17ú céad leis na máistrí barócacha Rubens, van Dyck is Jordaens. Cailleadh is milleadh cuid mhaith den saothar seo sna cogaí is an t-íolbhriseadh thar na céadta, ach dá laghad a mhaireann, is éacht ealaíne é. Ní hionann is ealaín Ollannach, bhí an ealaín Phléimeannach eaglasta cúirtiúil i gcónaí, ach neamhspleách ar an Iodáil den chuid is mó. Sa 20ú céad rinne Magritte is Delavaux saothar suntasach san Osréalachas.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ealaín Phléimeannach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 235.