Ealaín na hIbéire, faoi bhláth ón aimsir réamhstairiúil. Le linn gabháltas na Róimhe (218 RC-414 AD) tharla cuid mhaith tógála, ach níl mórán de fágtha anois. Tar éis ionradh na Múrach i 711 tháinig Córdoba le bheith ina lárionad do chultúr ealaíonta niamhrach a d'fhág lorg láidir ar an ealaín Chríostaí ina dhiaidh sin. Thosaigh traidisiún náisiúnta sa 9ú céad leis an stíl Mhosarabach (ealaín na gCríostaithe Spáinneacha faoi réim na Moslamach). Ón 11ú céad tógadh ardeaglaisí Rómhánúla a bhí maisithe go sómasach (Santiago de Compostela, mar shampla). Thosaigh an ré iontach sa phéintéireacht is sa dealbhóireacht go déanach sa 16ú céad le réalachas cumasach tochtach faoi thionchar idéil an Fhrith-Reifirméisin. I measc na bpéintéirí bhí El Greco, Velásquez is Zurbarán, agus ba dhealbhóirí suntasacha Juan Martínez Montañés (1568-1649) is Alonso Cano (1601-1667). Ard-dathadóirí a tháinig níos déanaí ab ea Goya is Picasso.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ealaín na Spáinne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 234.