Ealaín a bhí faoi bhláth faoi réím na bhFarónna, ó 3000 RC go dtí gabháil na hÉigipte ag Alastar Mór i 332 RC. An méid a mhair don lá inniu, tá sí dubhach den chuid is mó, le sochaí is reiligiún coimeádach, agus d'fhan an stíl statach. Mhaisítí na tuamaí le múrmhaisithe is rilífí, agus bhíodh dealbha portráide na marbh chomh maith le huirlisí teaghlaigh — ina measc obair ardchaighdeáin as miotal, eabhar, cré bhruite, is eile — le húsáid sa saol eile. Phéinteáltaí na fíoracha daonna leis an gceann in imlíne, súil mhór amháin ag féachaint amach, na guaillí chun tosaigh is na cosa i dtaobhradharc. Cuimsíonn sí dealbha cosúil leis an sfioncs, radhairc thosaigh is radhairc imlíneacha, ag éirí as cruth na bunchloiche b'fhéidir. Bhíodh cáis na seargán sármhaisithe go minic.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ealaín na hÉigipte". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 233.