Eantrópacht
Sa teirmidinimic, is tomhas ar neamhord (randamacht) córais í an eantrópacht. Úsáidtear an tsiombail S di, agus is i ngiúil in aghaidh an cheilvin (J K-1) a thomhaistear í. De réir mar a mhéadaíonn an mí-ord, is amhlaidh a mhéadaíonn an eantrópacht. Mar shampla, samhlaigh córas ina bhfuil umar uisce is braon dúigh. Nuair a chuirtear an braon dúigh isteach san umar uisce, méadaítear eantrópacht an chórais mar go bhfuil mí-ord an dúigh scaipthe níos mó ná roimhe. Ní athbhaileoidh na páirteagail dúigh le chéile arís, rud a léiríonn nach laghdaíonn an eantrópacht go spontáineach.
Sainmhínítear an t-athrú eantrópachta mar an méid teasa a chuirtear le córas, roinnte ar a theocht i K nuair a choinnítear an teocht tairiseach. Mar shampla, is é an méadú eantrópachta i 1 kg oighir nuair a leánn sé go huisce ag 0 °C (273 K) ná 1223 J K-1. Nuair a reoitear uisce go dtí oighear, laghdaítear eantrópacht an uisce sin, ach ar chostas an mhéadú eantrópachta sa chóras iomlán, an cuisneoir is an seomra san áireamh. Tugann an t-athrú eantrópachta léargas breise ar threo próisis atá inchúlaithe ó thaobh imchoimeád an fhuinnimh de, de réir dealraimh.
Is tairiseach an eantrópacht i bpróiseas inchúlaithe de chineál amháin, agus is é sin próiseas nach suimítear nó nach ndealaítear teas lena linn. De réir dara dlí na teirmidinimice, fanann an eantrópacht gan athrú nó méadaíonn an eantrópacht i ngach uile phróiseas.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Eantrópacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 237.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |