Edentata
forord mamach, i léig anois
Is forord mamach nach bhfuil in úsáid a thuilleadh é Edentata. Thugtaí éidéadaigh[1] nó dífhiaclaigh[2] ar na hainmhithe san fhorord, armadailíní, alpairí seangán, spadáin, pangailiní, agus arcáin talún ina measc. Ciallaíonn ainm an fhoroird “gan fiacla”, ach is iad na pangailiní agus na halpairí seangán amháin nach bhfuil fiacla acu. Ag deireadh na 19ú haois, cuireadh na pangailiní agus na harcáin talún ina n-ord féin, agus cruthaíodh forord nua darb ainm Xenarthra a chuimsigh na speicis eile.
Tacsanomaíocht | |
---|---|
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Mammalia |
Forord | Edentata Félix Vicq-d'Azyr, 1792 |
Tháinig an grúpa chun cinn i Meiriceá Theas ar dtús, agus tá cónaí orthu i Meiriceá Theas fós agus i Meiriceá Láir inniu. Is luibhiteoirí agus feithiditeoirí iad.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““éidéadaigh” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-07-18.
- ↑ Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): edentate” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2024-07-18.
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |