Eipifít
Planda nach bhfuil fréamhaithe san ithir ach a fhásann os cionn talún, ar phlandaí eile de ghnáth. Baineann sí feidhm as na hóstaigh seo chun tacaíocht a fháil mar nach seadán (a fhaigheann cothú óna n-óstaigh) í. Bíonn fréamhacha aerga aici a nascann leis an óstach agus a ghabhann bruscar orgánach chun cothaithigh a dhíorthú astu. Ionsúnn sí uisce freisin, mar bháisteach nó díreach ón aer, agus is féidir go mbeidh sí glas, in ann fótaisintéis a dhéanamh. I gcuid acu foirmíonn na duilleoga taiscumar uisce i lár an chnota. An-choitianta i bhforaoisí trópaiceacha báistí, agus is féidir le heipifítí fás i solas na Gréine, rud nárbh fhéidir leo dá mbeadh siad ar an talamh faoin gceannbhrat dlúth. Samplaí suntasacha sna trópaicí is ea magairlíní is bróiméiligh, agus na caonaigh is na crotail i réigiúin mheasartha.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Eipifít". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 244.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |