Is teach mór nuachlasaiceach é Cúirt Ioma (Béarla: Emo Court) i gContae Laoise. Dearadh an t-ailtire James Gandon an teach i 1790 do John Dawson, an chéad Iarla Cúil an tSúdaire. Bíonn an teach oscailte do chuairteoirí de ghnáth, ach dúnadh an teach sa bhliain 2020 mar gheall ar an bpaindéim COVID-19. D'oscail sé arís in 2021.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Cúirt Ioma
Íomhá
Sonraí
CineálTeach mór
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinIoma, Éire
Map
 53°06′26″N 7°11′49″W / 53.107178°N 7.197064°W / 53.107178; -7.197064

Stair cuir in eagar

Chuaigh an t-ailtire, James Gandon, a bhí díreach críochnaithe lena chuid oibre ar Theach an Chustaim agus ar na Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath, i mbun oibre ar Chúirt Ioma in 1790. Ainneoin sin, níor críochnaíodh an foirgneamh atá ina sheasamh anois go ceann 70 bliain ina dhiaidh sin.

Bhí an t-eastát mar áit chónaithe ag iarlaí Chúl an tSúdaire nó gurbh éigean dóibh imeacht as Éirinn go buan de bharr Chogadh na Saoirse. Ghlac na hÍosánaigh seilbh ar an áit roinnt blianta ina dhiaidh sin, agus is ann a cuireadh oiliúint ar thart ar 500 nóibhíseach de chuid an oird nuair a bhí sí mar Nóibhíseacht ag Proibhinse na hÉireann.

Ghlac an Maor Cholmeley-Harrison seilbh ar Chúirt Ioma sna 1960idí agus rinne sé athchóiriú iomlán uirthi. D’oscail sé na gairdíní áille agus an fearann páirce don phobal agus i ndeireadh na dála bhronn sé an t-eastát go léir ar mhuintir na hÉireann in 1994.[1]

Nasc seachtrach cuir in eagar


Tagairtí cuir in eagar

  1. Oifig na nOibreacha Poiblí) (ND). "Cúirt Ioma".