Athrú ar leibhéal na mara

(Athsheolta ó Eostatacht)

Tugtar "eostatacht"[1] ar athrú ar leibhéal na mara, athruithe i leibhéil na farraige ar fud an Domhain i rith an 20ú céad, de thoradh leá na n-oighearchaidhpeanna ag na Moil agus mar sin de.

athrú ar leibhéal na mara, 1993-2021. Foinse : NASA
NASA: Cuireann titim sneachta srl isteach ar leibhéal na mara. Agus tá an t‑ardú ar mheánleibhéal domhanda na mara ag tarlú níos tapúla anois
Tháinig ardú ollmhór ar mheánleibhéal domhanda na mara idir 1999-2019

Réamhaisnéisí cuir in eagar

Tháinig ardú 9.7 cm ar mheánleibhéal domhanda na mara idir 1993-2023 agus tá sé ag ardú i gcónaí ag ráta de 3.3mm in aghaidh na bliana. Agus tá an t‑ardú ar mheánleibhéal domhanda na mara ag tarlú níos tapúla; bhí an ráta seo ag méadú le 0.12±0.073mm gach bliain sa bhliain 2022.

Dúirt Painéal Idir-Rialtais ar Athrú Aeráide (nó PIRAA, eagraíocht na Náisiún Aontaithe) sa bhliain 2019 go bhféadfadh os cionn méadar d'ardú teacht ar leibhéal na farraige faoi dheireadh an chéid má leanann an méadú as cuimse ar líon na ngásanna nimhiúla.[2] Tá oighear ag an dá mhol ag leá ag ráta níos gasta agus níos suntasaí ná mar a ceapadh roimh 2019. D'fhéadfaimís 70% den talamh síorshioctha a chailleadh má leanann na leibhéil chéanna truaillithe ar aghaidh, de réir PIRAA. Scaoilfeadh an leá tuilleadh meatáin agus dé-oscaíde carbóin san atmaisféar, rud a chuirfeadh go mór le téamh domhanda. Tá farraigí an domhain ag éirí níos aigéadaí agus tá níos lú ocsaigine iontu ná riamh. sruthanna aigéin ag laghdú, go háirithe Sruth na Murascaille. Tá impleachtaí tromchúiseacha ag baint leis, in Éirínn ach go háirithe.

Iarmhairtí cuir in eagar

Féadfaidh ardú ar leibhéal na mara difear mór a dhéanamh do phobail i réigiúin chósta agus oileánda chomh maith le timpeallachtaí nádúrtha amhail éiceachórais mhuirí.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Eostatacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 249.
  2. Irene Ní Nualláin (2019-09-25). ""Athrú aeráide le lorg anróiteach a fhágáil orainn"" (as ga). 
  3. Seirbhís Mhuirí Copernicus (2023). "Atlas Eorpach na bhFarraigí" (ga-IE). ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2023-09-28.