Leá na n-oighearchaidhpeanna

Tuigtear anois ó na pictiúir a fhaightear ó shatailítí go bhfuil laghdú leanúnach suntasach i bhfairsinge an oighir ag na Moil Thuaidh is Theas ó na 1970idí anuas. Is léiriú é ar fhorthéamh an Domhain, de bharr athruithe san iarmhairt cheaptha teasa san atmaisféar. Tá a fhios go dtarlaíonn a leithéid ag deireadh oighearaoise, ach ba chóir go mbeimis ag súil le tús oighearaoise nua amach anseo. Mar sin, is mór an spéis sa bhfeiniméan leáite seo mar go mb'fhéidir gur tuar é go bhfuil athruithe dochúlaithe aeráide ag tarlú. Tá 90% den oighear seo in Antartaice, agus mórchuid an fhuílligh ag an Mol Thuaidh. Tá an chuid eile ar shléibhte arda ar fud an Domhain. Sa tréimhse idiroighreach is déanaí, timpeall 125,000 bliain ó shin, tharla an oiread sin leáite do na hoighearchaidhpeanna uile gur ardaíodh leibhéal na farraige 10 m. Má leanann an forthéamh agus an leá atá ar siúl anois, meastar go n-ardóidh meánleibhéal na farraige suas le méadar sa 21ú céad, rud a bheidh tubaisteach do chóstaí ísle ar fud an Domhain, cuid acu plódaithe le daoine. Má leánn agus imíonn an taisce oighir ar na sléibhte arda, beidh sé sin tubaisteach do chuid mhaith aibhneacha móra, agus na mílte milliún daoine a bhraitheann go huile orthu.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Leá na n-oighearchaidhpeanna". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 397.