Eotróife

staid orgánaigh

Is éard is eotróife[1] ann ná próiseas ina méadaítear an oiread cothaitheach i gcomhair plandaí atá i loch nó lochán. Is amhlaidh a iompraíonn srutháin is aibhneacha níotráití, fosfáití is leasúcháin nádúrtha eile a thuaslagann siad amach ón ithir isteach i locha, mar a dtiubhaíonn siad. Mar thoradh air sin fásann algaí is plandaí uisce as cuimse, plódaionn siad an t-uisce, agus nuair a fhaigheann siad bás ídíonn an fásra lofa an ocsaigin thuaslagtha san uisce ionas go maraítear na héisc sa loch. Leanann plódú an uisce, agus líontar an loch de réir a chéile le fásra marbh. Tagann an loch le bheith ina phortach, agus faoi dheireadh ina ithir thirim. Tá eotrófacht mire ar siúl in áiteanna áirithe de bharr imeachtaí daonna. Cuireann leasúcháin shaorga a nítear isteach in aibhneacha, camras, fuíll áirithe tionsclaíochta, agus glantaigh go mór leis an bpróiseas. De réir dealraimh, tá an-dochar den saghas seo déanta do Loch Erie i Meiriceá Thuaidh, Muir na Gailíle, agus Loch Baikal sa tSibéir.[2]

  1. “eutrophy” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-08-16.
  2. Hussey, Matt (2011). "Eotrófacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 249.