Teicníochtaí chun plátaí miotalacha priontála a chruthú ar shorcóirí a iompraíonn íomhánna toin leanúnaigh (líne) is téacs leath-thoin, agus go príomha, léirithe i gcomhair clóbhuailte (téacsanna is léirithe) is greanphriontála. Leathnaítear tuaslagán solasíogair ar an bpláta miotail, nochtar an dromchla sin do chlaonchló na híomhá atá le greanadh, agus ansin eitseáiltear an pláta. Ina dhiaidh sin fanann an íomhá mar rilíf ar an bpláta nó sorcóir greanphriontála.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fótaighreanadóireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 284.