Faoileoir le sciathán deilteachruthach a iompraíonn duine. Rinne Otto Lilienthal faoileoireacht chrochta cheannródaíoch sa Ghearmáin sna 1890idí. Shaothraigh NASA an faoileoir seo sna 1950idí mar pharaisiút faoileoireachta. Crochtar an píolóta in úim faoin bhfráma éadrom a bhfuil an sciathán greamaithe leis, agus stiúrann sé gluaiseacht an aerárthaigh le gluaiseachtaí a cholainne. Má choinnítear an uillinn ionsaithe i gceart, gintear ardú. Níos déanaí chuir NASA innill leis, agus méadaíodh réise na sciathán. Ina dhiaidh sin cuireadh sciatháin níos éifeachtaí in ionad an deilteascátháin chun an faoileoir fíoréadrom, nó micréadrom, a chruthú. Is féidir le micréadrom le réise 10 m luas 90 km san uair a bhaint amach.[1]

Faoileoir crochta

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Faoileoir crochta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 255.