Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024
Beidh toghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024 an 59ú toghchán uachtaránachta cuadbhliantúla, a reáchtálfar Dé Máirt, 4 Samhain 2024. Ceaptar ag an tráth seo gur idir an t-uachtarán reatha Joe Biden ón bpáirtí Daonlathach agus Donald Trump a bheidh an toghchán.
Cineál | Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe |
---|---|
Tréimhse | 2 Aibreán 2023 - |
Dáta na bliana | 10 Samhain 2024 |
← 2020
| |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Oifig le buachan | Uachtarán na Stát Aontaithe Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe |
Iarrthóir | Mike ter Maat (en) Jerome Segal Corey Stapleton Donald Trump Kanye West Nikki Haley Jacob Hornberger (en) Vivek Ramaswamy Marianne Williamson Asa Hutchinson Robert F. Kennedy Jr. Chase Oliver (en) Joe Exotic (en) Larry Elder Joe Biden Tim Scott Mike Pence Chris Christie Perry Johnson (en) Donald Trump Ella Anderson Claudia de la Cruz (en) |
Croineolaíocht | |
16 Nollaig 2024 | Meeting (en) |
Codanna | |
Toghcháin tosaigh cuir in eagar
Thosaigh baill den Pháirtí Poblachtach ag vótáil ar son a rogha iarrthóra féin in Iowa ar 15 Eanáir 2024.[1][2] Bhí bua gan stró faighte ag Donald Trump i gcácais Iowa.[3] Ag an am, bhí Trump ina rogha láidir na coitiantachta le hainmniúchán na bPoblachtánach a fháil chun dúshlán Joe Biden agus na nDaonlathach a thabhairt (a bheith á gcur ina leith i gcásanna cúirte éagsúla). Fuair Trump 51% den vóta in Iowa, 30 pointe chun cinn ar Ron DeSantis a bhí sa dara háit agus 21% aige, agus 19% ag Nikki Haley.
Seachtain níos déanaí, dhaingnigh Trump in New Hampshire a ghreim ar an rás d’ainmniúchán na bPoblachtánach agus a chéile comhraic Nikki Haley os cionn 10 bpointe taobh thiar de. [4]
Ar an 24 Feabhra, thug stát South Carolina a bheannacht aréir do Trump, i bhfad chun cinn ar iar-ghobharnóir an stáit sin, Nikki Haley. Ba bheag de fheachtas a sheol Trump i South Carolina, bhí sé chomh cinnte sin de féin.[5]
Ar an 5ú Márta reáchtáladh an lá mór sa phróiseas roghnúcháin d'iarrthóirí, An Mháirt Mhór nó 'Super Tuesday' mar a thugtar air go traidisiúnta. Vótáladh 13-15 stát a gcuid toghchán féin le hiarrthóirí a chur chun cinn do thoghchán na hUachtaránachta.[6] [7]
Bhí bua mór eile ag Trump ar an 5 Máirt 2024 agus d'éirigh Haley as an rás. Níor bhuaigh Haley ach dhá réamhthoghchán le linn a feachtais (Washington DC agus Vermont). An port a bhí ag Nikki Haley ag an am ná go raibh malairt rogha tuillte ag lucht an pháirtí, go háirithe agus coireanna coiriúla éagsúla curtha i leith Trump.[8] Deir saineolaithe gur le gráin ar Trump a fuair Haley an méid tacaíochta a fuair sí agus gurb iad na vótóirí meánaicmeacha seo a bhfuil oideachas tríú leibhéal orthu a bheidh cinniúnach san olltoghchán.[9] Ag an am céanna, léirigh na pobalbhreitheanna go raibh imní leanúnach faoi chumas Biden de bharr cúinsí aoise agus sláinte tabhairt faoin dara téarma.
Eagraíocht cuir in eagar
Is toghchán indíreach é an próiseas ainmniúcháin, ina gcaitheann vótálaithe ballóidí ag roghnú scláta teachtaí chuig coinbhinsiún ainmniúcháin páirtí polaitíochta, a thoghann ansin ainmnithigh a bpáirtithe ansin mar uachtarán agus mar leasuachtarán. 56 réamhthoghchán ar fad a bheidh ann d’ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtánaigh don toghchán uachtaránachta i mbliana.
Reáchtálfar toghcháin an tSeanaid 2024 agus toghcháin Theach na nIonadaithe 2024, mar aon le toghcháin áitiúla éagsúla eile, i gcomhthráth le toghchán na huachtaránachta.[3]
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ "Iowa caucuses" (as en) (2024-01-16). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-01-16). "Bua rábach ag Donald Trump i gcácas Iowa" (as ga-IE).
- ↑ 3.0 3.1 "Bua gan stró faighte ag Donald Trump in Iowa, tús curtha le feachtas fada" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-01-16). Dáta rochtana: 2024-01-17.
- ↑ "A ghreim ar ainmniúchán na bPoblachtánach daingnithe ag Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-01-24). Dáta rochtana: 2024-01-25.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-02-25). "Trump buacach i South Carolina" (as ga-IE).
- ↑ "Nikki Haley chun éirí as, Trump ar a bhogstróc san fheachtas uachtaránachta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-06). Dáta rochtana: 2024-03-06.
- ↑ Caroline Linton (2024-03-06). "Which states voted on Super Tuesday? Full list of states and the delegates at stake - CBS News" (en-US). www.cbsnews.com. Dáta rochtana: 2024-03-06.
- ↑ "Nikki Haley chun éirí as, Trump ar a bhogstróc san fheachtas uachtaránachta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-06). Dáta rochtana: 2024-03-06.
- ↑ Máirín Ní Ghadhra (11 Márta 2024). "Dá dhonacht maol is measa mullach i dtoghchán Mheiriceá" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-11.