Fearamón
Is éard is fearamón[1] ann ná ceimiceán a tháltar go dtí an taobh amuigh d'ainmhí ionas go mbíonn iarmhairt ar leith aige ar bhall eile den speiceas céanna. Spreagann fuascailt fearamón freagairt ar leith iompair ón ainmhí eile, cosúil le cúpláil nó ionsaí. Athraíonn prímeáil fearamón fiseolaíocht an fhaighteora, iarmhairt ar na hormóin atáirgthe, b'fhéidir. Tá fearamóin coitianta i measc na bhfeithidí, agus faightear i gcreimirí is moncaithe iad. Baintear sochar astu sa bhfeirmeoireacht chun am is minicíocht na cúplála in ainmhithe feirme is gluaisne feithidí a rialú. Is dócha go bhfuil an-chuid le foghlaim ar na ceimiceáin seo is a bhfeidhmithe.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““fearamón” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-10-10.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fearamón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 258.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |