Feithidicíd
Ábhar a mharaíonn feithidí. Na saghsanna is coitinne, is comhdhúile orgánacha saorga leachtacha iad agus spraeálann feirmeoirí iad, ach is féidir leo a bheith gráinneach nó i bhfoirm púdair freisin. Tá imní go forleathan go dtéann na hábhair seo isteach i slabhra an bhia agus go ndéanann dochar d'ainmhithe fiáine is b'fhéidir do dhaoine. Bhíodh DDT ar an bhfeithidicíd ba choitinne agus ba leithne úsáide ar fud an Domhain tar éis an dara cogadh domhanda, ach anois tá cosc iomlán air i gcuid mhaith tíortha de bharr a inmharthanachta i slabhra an bhia. Tá bealach eile ann anois, ina n-úsáidtear baictéir ar leith a tháirgeann feithidicíd atá nimhiúil do raon mór feithidí lotnaide.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Feithidicíd". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 263.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |