Fliú éanúil
Galar an-ionfhabhtaíoch víreasach a chuireann isteach ar éanlaith clóis agus éin eile is ea an fliú éanúil.[1]
Cineál | fliú, galar víreasach tógálach, galar scamhóige, Orthomyxoviridae infectious disease (en) , galar éan, galar agus pandemic and epidemic-prone diseases (en) |
---|---|
Speisialtacht leighis | leigheas análaithe |
Cliniciúil | |
Comharthaí | masmas, niúmóine, urlacan agus buinneach |
Aicmiú | |
ICD-11 | 1E31 |
ICD-10 | J09.009.0 |
ICD-9 | 488.0488.0 |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0278800 |
DiseasesDB | 6791 |
MedlinePlus | 007263 |
eMedicine | 2500029 |
MeSH | D005585 |
Orphanet | 454836 |
UMLS CUI | C0016627 |
DOID | DOID:4492 |
Scaiptear é trí ghluaiseacht na n-éan ionfhabhtaithe nó tadhall lena dtáil siúd.
Timpeall 100 cineál den ghalar ann. Is é H5N1 an cineál is marfaí fós, agus is féidir é a aistriú do dhaoine.
Stair
cuir in eagarNí féidir leis an gcuid is mó de na víris H5 aistriú do dhaoine. Tháinig H5N1 chun cinn den chéad uair i 1997 i Hong Cong agus cailleadh 1.5 milliún éanlaith clóis, ón ngalar féin agus trí iad a scriosadh chun cosc a chur ar scaipeadh an ghalair.
Tháinig sé chun cinn arís i 2003 sa Chóiré, agus leath amach chuig tíortha eile san Áise.
I 2005/6 fuarthas cásanna in oirthear na hEorpa, agus faoi dheireadh na bliana sin bhí 70 duine básaithe aige.
Ar 3 Eanáir 2014, cailleadh duine Ceanadach trí fliú éanúil, an chéad duine a bhfuair bás i Meiriceá Thuaidh.[2]
Sa bhliain 2022, bhí an fliú éanúil tolgtha ag turcaithe i gCo Mhuineacháin, srl.[3][4]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "‘Abhar imní ollmhór’ é fliú na n-éan (bird flu), a deir WHO" (en-GB) (2024-04-18). Dáta rochtana: 2024-04-21.
- ↑ "First Human Avian Influenza A (H5N1) Virus Infection Reported in Americas". (en)
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fliú éanúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 276.
- ↑ Naucht RTÉ (2022-11-23). "An fliú éanúil tolgtha ag an dara healta turcaithe i Muineachán" (as ga-IE).
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |