Gaireas de chaidéil, píobáin, ceangail idir píobáin, ábhair shéalaithe, folústomhsairí, soithigh folúis agus eile, ar féidir leis folús a chruthú i soitheach le brú den bhilliúnú cuid de bhrú an atmaisféir. Baintear feidhm as chun brait thanaí miotal is neamh-mhiotal a dheascadh i gcomhair ionstraimí optúla is comhbhall leictreonach. Úsáidtear í freisin chun folúis a chruthú i bhfeadáin gha-chatóideacha is luasairí cáithníní, agus i gcomhair díhiodráitithe ag teocht íseal (siocreo).[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Folústeicneolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 280.