An soláthar fola is na néaróga fíoríogaire i gceartlár fiacaile is a fréamhacha. Tugtar laíon na fiacaile ar na struchtúir bhoga seo. Timpeall uirthi tá ciseal crua déidín, agus taobh amuigh de sin an ciseal seachtrach cruain, atá níos crua fós. Nuair a lobhann an cruan de bharr ionsaí aigéid a chruthaíonn baictéir, ó shiúcra sa chothú, lobhann an déidín freisin agus ionsaíonn an t-aigéad na néaróga sa laíon, rud is eol do chách mar thinneas fiacaile. Muna mbíonn an dochar don déidín iomarcach, is féidir leis an bhfiaclóir an cruan millte a bhaint agus líonadh malgaim a chur sa bhfiacail. Má bhíonn laíon na fiacaile millte is easpa ghalraithe rómhór tar éis fás ag bun fhréamh na fiachaile, níl aon leigheas air ach an fhiacail a tharraingt. Ach muna mbíonn a leithéid de ghalrú ró-olc, is féidir leis an bhfiaclóir an laíon sa bhfréamhchanáil a dhruileáil amach, an fhréamhchanáil a líonadh le gumma peirc, agus an poll os a cionn a líonadh le plaisteach is malgam os a chionn — obráid a mbíonn doicheall roimpi, a fhulaingíonn na mílte duine sa tír seo gach bliain.[1]

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtFréamhchanáil
Sonraí
Laidincanalis radicis dentis
Cuid deFiacail
Aitheantóirí
MeSHD014092
TAA05.1.03.049
FMA55674 : il-aiseachordlathach
Téarmaíocht anatamaíoch

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamhchanáil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 287.