Frank McGuinness

file Éireannach

Is drámadóir, file agus ollamh iomráiteach é Frank McGuinnessProinsias MacAonghusa (a rugadh 29 Iúil 1953, i gContae Dhún na nGall). Tá gairm acadúil measctha le gairm scríbhneora ag McGuinness.[1]

Infotaula de personaFrank McGuinness
Beathaisnéis
Breith29 Iúil 1953
70 bliana d'aois
Bun Cranncha, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Pobalscoil Charn Domhnaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmscríbhneoir scripte, múinteoir ollscoile, aistritheoir, file, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Uladh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0570128 Allocine: 262038 Allmovie: p263665 IBDB: 5623
Musicbrainz: bc712388-5f4d-4af4-84fb-b7a7efe0ca92 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Tógadh i mBun Cranncha i gContae Dhún na nGall é sular bhain sé céim amach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Bhí sé ina léachtóir in Ollscoil Uladh agus Maigh Nuad sular thosaigh sé mar scríbhneoir cónaitheach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath sna 1980idí. D'éirigh sé ansin ina Ollamh le scríbhneoireacht cruthaitheach i rannóg na Bhéarla, Drámaíocht agus Scannán i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Saothar cuir in eagar

Phléigh McGuinness le hábhair chomh héagsúil le beatha Caravaggio, géarchéim giall na Liobáine, Shakespeare in Éirinn, Comhcheilg an Phúdair agus beatha Lizzie agus Mary Burns, céilí Éireannacha Engels i Manchain. Is mó a aithnítear é mar dhrámadóir agus file ach tá scripteanna scannáin, scripteanna teilifíse agus leabhróga scríofa aige chomh maith le ceoldráma stáitse, Donegal. Is iad an amhránaíocht agus an cóiriú na gnéithe is buana a fheictear ina shaothar.[1]

Thuil McGuinness clú lena chéad Dráma The Factory Girls (1982) agus neartaigh a chlú nuair a chuireadh a dráma Observe the Sons of Ulster Marching towards the Somme (1986) ar an stáitse, ar dtús, in Amharclann na Mainistreach agus ansin go forleathan. Bronnadh neart duaiseanna air de bharr sin.

Tá roinnt mhaith aistriúcháin de dhrámaí clasaiceacha le drámadóirí cos súil le Anton Chekhov, Henrik Ibsen agus Bertolt Brecht déanta aige. Foilsíodh bailiúchán filíochta leis den ainm Booterstown sa bhliain 1994.

Drámaí

Aistriúcháin

Dráma curtha in eagar do scannáin

Úrscéalta agus gearrscéalta

Tá dhá húrscéal scríofa ag McGuinness chomh maith le cnuasach gearrscéalta amháin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 COBÁC (2018). "TUARASCÁIL AN UACHTARÁIN, MEÁN FÓMHAIR 2018 – LÚNASA 2019". Dáta rochtana: 2023.

Naisc sheachtracha cuir in eagar