Fuinneamh teirmeach na farraige
Má bhíonn difríocht teochta idir doimhneachtaí éagsúla san aigéan, is féidir córas cosúil le timthriall cuisnithe á rith ina mhalairt treo a úsáid chun cumhacht leictreach a ghiniúint. Tá taighde ar siúl ar fud an Domhain ar chórais chun an aidhm seo a bhaint amach. Is amhlaidh a athshúnn na haigéin an-chuid teasa ó radaíocht na Gréine, agus aisradaíonn siad cuid den teas sin amach sa spas. Is é dromchla na farraige a fhaigheann an teas seo, agus de bhrí gur drochsheoltóir teasa é an sáile, ní aistríonn an teas go dtí bun na farraige ach ar éigin. Mar sin tarlaíonn difríocht teochta idir barr is grinneall na farraige. Sa chóras a úsáidtear chun an fhoinse fuinnimh seo a fheidhmiú, téann an t-uisce ar barr an cuisneán, mar amóinia, á ghalú. Gluaiseann an ghal seo trí thuirbín, a rothlaíonn dineamó chun leictreachas a ghiniúint. Ansin ritheann an ghal trí phíobán ag doimhneacht mar a bhfuil teocht timpeall 20 °C níos lú ná teocht an bhairr, rud a chomhdhlúthaíonn an ghal ina leacht roimh fhilleadh dó don ghalaitheoir ag barr te na farraige. Tá córais den saghas seo an-chostasach fós, ach seans go mbeidh an lá leo amach anseo nuair a éiríonn ola níos costasaí.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fuinneamh teirmeach na farraige". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 295.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |