Gael-Astrálaigh
Pobal Éireannach agus a sliocht san Astráil iad na Gael-Astrálaigh (Béarla: Irish-Australian). Tháinig go leor go dtí an Astráil san ochtú haois déag mar lonnaitheoirí nó mar dhaoine a ciontaíodh agus a aistríodh ann, agus chuir siad le forbairt na hAstráile i réimsí éagsúla go leor. Go deireadh na 19ú haoise is Éireannaigh a bhí in thart ar an tríú cuid de dhaonra na hAstráile.
Cineál | grúpa eitneach |
---|
I ndaonáireamh 2006 mhaígh 50,256 cónaitheoirí de chuid na hAstráile gur rugadh iad i bPoblacht na hÉireann agus mhaígh 21,292 duine eile gur rugadh i dTuaisceart Éireann iad. Na cathracha ba mhó daonra a rugadh in Éirinn ná Sydney (12,730), Melbourne (8950) agus Perth (7060). I ndaonáireamh 2011 mhaígh 2,087,800 Astrálach (10.4% den daonra iomlán) gur de bhunadh na hÉireann iad ar shlí éigin.
Is síol a bhaineann leis an Astráil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoin eitneacht nó grúpa eitneach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |