Gainéad
géineas éan
Éan mór farraige atá dúchasach don Atlantach thuaidh, tuaisceart na hAfraice, an Astráil, is an Nua-Shéalainn is ea an gainéad.[1] Sruthlíneach, le gob gorm fada gan phollairí seachtracha. Paistí loma dubha ar a aghaidh. Beireann sé ar éisc trí thumadh go hingearach isteach sa bhfarraige. Tá saic aeir faoi chraiceann na haghaidhe a mhaolaíonn turraing an imbhuailte leis an uisce.[2]
Morus | |
---|---|
Gainéad | |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Aves |
Ord | Suliformes |
Fine | Sulidae |
Géineas | Morus Vieillot, 1816 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Morus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gainnéad". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 299.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |