Galar Hodgkin
Liomfóma, nó ailse i limficítí an chóras imdhíonachta, is ea galar Hodgkin nó liomfóma Hodgkin. Tá sé ainmnithe as an dochtúir Sasanach a thug an chéad chur síos air, thiar sa bhliain 1832 - Thomas Hodgkin, a bhain clú amach ina phaiteolaí agus ina shaineolaí ar mhíochaine choisctheach. Cruthaíonn liomfóma Hodgkin siadaí sna faireoga limfe, agus é ag ascnamh go hordúil ó fhaireog go faireog. Aithnítear an galar ar chealla móra míchumtha den chineál ar a dtugtar cealla Reed-Sternberg.
BásmhaireachtCuir in Eagar
Cé gur galar dainséarach tromchúiseach é liomfóma Hodgkin, ní bhíonn sé chomh marfach inniu agus a bhíodh tráth. Le fírinne, tá sé ar ceann de na hailsí is soleigheasta amuigh. Is féidir é a leigheas le radaíocht nó le ceimiteiripe, agus tagann biseach ar 90 - 95 % de na hothair. An t-othar nár tháinig ar lorg cóireála sula raibh sé ar bhruach an bháis, is minic a bhí míochaine an lae inniu ábalta é a tharrtháil.
Ar na daoine óga ó 15-35 bliana d'aois is mó a shiúlann galar Hodgkin, ach is minic a thagann sé ar dhaoine scothaosta (os cionn 55 bliana d'aois) freisin.
Daoine a bhfuair bás ó liomfóma HodgkinCuir in Eagar
- John Millington Synge, 1909.
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Hodgkin's lymphoma |
TagairtíCuir in Eagar
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |