Cóireáil le drugaí ar othair le galair ionfhabhtaithe (le frithbheathaigh), galair sheadánacha, agus ailse. I gcás ceimiteiripe ailse, bíonn manglam drugaí cíteatocsaineacha (drugaí a mhilleann cealla) in úsáid. Deartar an meascán chun go n-ionsóidh siad cealla mearfháis an tsiada go fabhrach, ach is fíor go n-ionsaíonn siad cealla normálta sláintiúla freisin (cealla an smeara go príomha), rud a laghdaíonn frithghníomh normálta na colainne i gcoinne ionfhabhtuithe, agus a chuireann tús le cailliúint gruaige is aimride. Tá cóireálacha forlíontacha ar fáil anois chun na fo-iarsmaí seo a mhaolú. Le ceimiteiripe is féidir go dtarlóidh masmas géar is urlacan d'othar, agus bíonn drugaí sa mhanglam chun bac a chur leis na fo-iarsmaí seo. Úsáidtear oibreáin ailcilithe cosúil le ciosplaitin, frithmheitibilítí cosúil le meititreacsáit, agus alcalóidigh mar dhrugaí cíteatocsaineacha. Úsáidtear hormóin freisin chun srian a chur ar fhás siadaí áirithe.[1]

Ceimiteiripe

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ceimiteiripe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 127.