Chiaroscuro (gealdorcha)
(Athsheolta ó Gealdorcha)
Sa phéintéireacht, úsáid solas láidir is scáth is ea chiaroscuro, nó gealdorcha,[1] chun foirmeacha a shainiú i spás. Shaothraigh Leonardo da Vinci is Caravaggio an teicníocht san Iodáil, ach thug Rembrandt chun foirfeachta í san Ollainn sa 17ú céad.
Bhí Caravaggio aitheanta mar mháistir críochnúil de chiaroscuro, a chiallaíonn “éadrom-dorcha” go liteartha in Iodáilis. Tagraíonn an téarma don chothromaíocht de thoin éadroma agus dorcha i saothar agus go háirithe i gcás cumas an ealaíontóra chun scáthanna a láimhseáil.[2][3]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "chiaroscuro — téarma.ie".
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gealdorcha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 310.
- ↑ "Gabháil Chríost, le Michelangelo Merisi da Caravaggio" (ga). National Gallery of Ireland. Dáta rochtana: 2022-07-18.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |