Giolcach shléibhe
Speiceas plandaí i gclann na bpiseanna is ea an ghiolcach shléibhe (Cytisus scoparius).[1] Tá sé dúchasach don Eoraip agus fásann sé 2.5 m ar airde. An iliomad géag, glas díreach docht. Na duilleoga trídhuilleach den chuid is mó, a thiteann go luath. Na pisbhláthanna órga buí, suas le 2 cm ar fhad, i gcrobhaingí scaoilte duilleacha ar fhoircinn na ngéag. Na cochaill suas le 4 cm ar fhad, dubh.[2]
Cytisus scoparius | |
---|---|
Sonraí | |
Gnáthóg | coillearnach agus fraochmhá |
Planda | |
Dath na mbláthanna | buí |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Fabales |
Fine | Fabaceae |
Treibh | Genisteae |
Géineas | Cytisus |
Speiceas | Cytisus scoparius Link, 1822 |
Ainmníocht | |
Basainm | Spartium scoparium |
Ainm comhchiallach an tacsóin |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Cytisus scoparius” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-13.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Giolcach sléibhe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 317.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |