Is éard a bhí i gceist le gliaire (Laidin: gladiator, "claimhteoir", ón bfhréamh gladius, "claíomh") ná comhraiceoir armtha a bhí i mbun troda in aghaidh gliairí eile agus ainmhithe fiáine fiú ar mhaithe le siamsaíocht an phobail thiar in aimsir Phoblacht na Róimhe agus Impireacht na Róimhe. Sclábhaithe ab ea formhór dóibh, oilte i ndroch-choinníollacha, gan meas madra orthu agus ag saothrú ar imeall an tsaoil.

Gliairí Rómánacha i mbun catha

Sin ráite, bhí an oiread sin tóir orthu ná go raibh fonn ar ghnáth-daoine dul sa tseans san iomaíocht leo, maithe agus móruaisle na Róimhe fiú. Níltear ar aon tuairim maidir lena bhfíor-bhunús. Creidtear go bhfuil baint ag an gcomhrac le deasghnátha sochraide le linn na Cogaí Púnacha sa 3ú haois RC. Níorbh fhada go raibh áit lárnach greamaithe aige i gcroílár na polaitíochta agus an tsaoil sóisialta fud fad na hImpireachta. Níor chuir teacht naofacht na Críostaíochta isteach air, beag nó mór.

Stair cuir in eagar

Bunús cuir in eagar

Is annamh atá na luath-fhoinsí liteartha ar aon tuairim maidir le bunús le ngliairí agus na cluichí a bhain leo. Agus an 1ú haois RC ag druidim chun deiridh, dhearbhaigh Nicolaus na Damaisce gur Éatrúscaigh a bhí iontu. Glúin dár gcionn, scríobh Livias gur tháinig siad ar an bhfód don chéad uair thiar sa bhliain 310 RC agus na Campánaigh i mbun cheiliúrtha tar éis bhua ar na Samnitigh. Na céadta níos déanaí, shíolraigh scoláire na 7ú haois Isidoro Sevilla an focal Laidinise lanista (bainisteoir na ngliairí) ón fhocal Éatrúscach le haghaidh "bhásadóir," agus an teideal Carón (oifigeach a thionlaic na mairbh ó pháirc Rómhánach an áir) ó Charun, "psychopompós" domhain thíos na nÉatrúscach. Glacadh go forleathan leis an ndearbhú seo le fada an lae agus is amhlaidh atá sé i bhformhór de startha nua-aoiseacha na gcluichí.

Taobhaíonn an t-athmheasúnú atá déanta ar fhianaise phictiúrtha le bunús Campánach chomh maith, nó iasacht ar a laghad. Ba i gCampania a bunaíodh na scoileanna gliaireachta ba luaithe (ludi) atá ar eolas againn. Thángthas ar fhreascónna tuama sa chathair Champánach siúd Paestum (4ú haois RC) a léiríonn trodaithe ina bpéirí i mbun comhraic le clogaid, sleánna agus sciatha. Deasghnáth fola sochraide a bhíodh ann a chuireann na luath-chluichí Rómánacha in aigne dúinn. Curtha i gcomparáid leis na híomhánna seo, tá an fhianaise a thacaíonn leis ó mhaisiúcháin thuama Éatrúscacha doiléir agus déanach ó thaobh na staire de. Le fírinne, tá seans ann nach raibh sna fhreascónna Paestum ach leanúint ar thraidisiún ársa i bhfad níos sine, tógtha i dtír ag coilínigh Gréagacha na 8ú haoise RC.

Dearbhaíonn Livias gur sa bhliain 264 RC a thit cluichí na ngliairí Rómhánaí amach don chéad uair. Bhí an Róimh ag tús an chéad de na Cogaí Púnacha in aghaidh na Cartaige, áit ina chuir Decimus Junius Brutus Scaeva trí péire gliaire i mbun troda chun báis i bhFóram don "mhargadh beithíoch" (Forum Boarium) chun urraim a thabhairt dá athair Brutus Pera a cailleadh le gairid. An rud a thugtar ar seo ná munus (iol: munera), dualgas comórtha gearrtha ag sinsear nach maireann ar a shliocht. An rud a chuir go mór le forbairt an munus agus na saghsanna gliaire ná tacaíocht na Samníteach i bhfabhar Hannabal agus na slógaí pionósacha as seo amach in aghaidh na Samníteach ag an Róimh agus a comhghuaillithe Campánacha. Mar namhaid na Róimhe a bhíodh na gliairí gléasta agus a armtha.

Cé gur thosaíodar amach mar eachtraí íobartacha agus dobrónacha, taispeánann cuntas Livias go ndeachaigh cúrsaí chun amharclainne de réir a chéile - barbaraigh bhrúidiúla aisteacha le harm choimhthíocha curtha ón tsaol ag misneach dúchasach na Róimhe. Rinne gnáth-chosmhuintir na Róimhe tiomnú suáilceach ar luach cogaidh ar na Déithe. Chuir a gcomhghuaillithe Campánacha siamsaíocht béile ar siúl le gliairí a ghlacann ról na Saimníteach. Chuaigh grúpaí agus treibheanna coimhthíocha eile isteach san fhoireann aisteoireachta agus críocha na Roimhe ag dul i méid. Athactú stairiúil le cuma oiliúnach moráltacht a bhí ann, agus ní raibh ach rogha fiúntach amháin ar fáil don bhfíor-ghliare: troid go maith nó básaigh go maith.

Forbairt cuir in eagar

 
Beirt ghliaire ag deireadh an troda

Sa bhliain 216 RC, chuir mic an chonsail agus an ágair siúd Marcus Aemilius Lepidus trí lá de gladiatora munera lán le scór agus dhá phéire de ghliairí sa bhFóram Romanum in onóir dá athar. Deichniúr níos déanaí, reáchtáil Scipio Africanus munus comórtha san Ibéir in ómós dá athair agus da uncail. Cailleadh an bheirt sna Cogaí Púnacha. Is léir go raibh fonn ar neamh-Romhánaigh den aicme ba airde, agus Rómhánaigh fiú, dul sa bhearna baoil mar ghliairí go deonach. Nascann na Cogaí Púnacha agus an léirscrios tubaisteach ag láimhe na Cartaige ag Cath Cannae (216 RC) na cluichí luaithe le "munificence" - ceiliúradh ar bhuanna míleata agus cúiteamh diaganta a bhaint as tubaiste míleata. Dealraítear gur thug na munera ardú meanman i ré a bhí sáite i gcontúirt míleata agus méadú talún. Ag sochraid Publius Licinius sa bhliain 183 RC a bhí an chéad munus eile atá ar eolas againn. Eachtra thar a bheith rabairneach ab ea é – na céadta gliaire agus dáileadh feola poiblí ar feadh trí lá. Cuireann an chur chuige seo na troideanna gliaireachta na féastaí Campánacha ar intinn againn, ó pheann Livias agus Silius Italicus.

Is léir ón gcaoi díograiseach ina glacadh leis na ngladiatoria munera le comhghuaillithe Ibéireacha na Róimhe cé chomh forleathan is a bhí cultúr na ngliairí, i bhfad i gcéin ó gheataí na Róimhe. Agus an bhliain 174 RC ann, bhí munera beaga Románacha (bíodh siad príobháideach nó os comhair an phobail) chomh coitianta, ní fiú tagairt a dhéanamh dóibh a thuilleadh. Thiar sa bhliain 105 RC, chuir consail rialuithe na Róimhe a chéad bhlaiseadh de "chomhrac barbaracha" státurraithe os comhair an phobail. Bhí sé mar chuid de chlár traenála don airm, á léiriú ag gliairí ó Chapua. Ba mhór an tóir a bhí air. Ó shin i leith, cuimsíodh na comórtais i gcluichí oifigiúla an stáit (ludi) a thit amach taobh leis na mór-fhéilte reiligiúnacha. Cé gur tiomnaíodh ludi in ainm dé go traidisiúnta, amhail Iúpatar, bhí sé de cheart ag urraitheoir ón uas-aicme é a tiomnú in ómós dá sinsear diaganta nó gaisciúil.

Buaic cuir in eagar

Chuir na cluichí gliaireachta caoi éifeachtach ar fáil d'urraitheoirí iad féin a chur chun cinn. Is fíor go raibh costas as cuimse a bhain leis, ach b'a iontach an deis é siamsaíocht tarraingteach a chur ar fáil dá cliant agus lucht vótála. Ní ábhar ionadh é gur gnó mór a bhíodh ann do traenálaithe agus úinéirí, agus d'ábhar-pholaiteoirí ag teacht aníos agus polaiteoirí an lae ar mhaith leo greim a choimeád in áit. D'fhéadfadh privatus (gnáth-shaoránach) le huaillmhian polaitiúil munus a athar a chuir ar athló go dtí an chéad séasúr toghchánaíochta eile, ag súil le toradh níos cneasta a bhaint amach. Bhí lán fhios ag iad siúd sa rialtas agus ag iad siúd ar intinn áit a bhuachaint go raibh tacaíocht na plebeians agus na tribunes ag teastáil go géar uathu. Bhí vótaí le buachaint, fiú, le gealltanas le haghaidh taispeántais sár-mhaith. Nuair a bhí Sulla ina sheal mar praetor, chuaigh sé salach ar a dlíthe nua féin chun an munus ba ghalántaí dá raibh riamh ann ar bhás a mná chéile.

Agus an Phoblacht ag teacht chun deiridh, ba mhór an uirlis polaitiúil iad na gliairí ag duine d'úinéirí ón uas-aicme. Sa bhliain 65 RC, reáchtáil an curule aedile Iúil Caesar nuathofa cluichí, á dhlisteanú aige mar munusdá athair, in ainneoin go raibh sé i gcré na cille le fiche bliain cheana. Níor chuir a fhiacha pearsanta móra millteacha bac ar bith ar Caesar ach oiread eachtra ollmhór a chuir ar bhun, le 320 gliaire gléasta i gcathéide airgid. Bhí slua sa bhreis ag fanacht i gCapua ach chuir an Seanad uasmhéid air. Bhí éirí amach Spartachais fós ar aigne an tSeanaid agus ní raibh borradh gasta in airm phríobháideacha agus ainm in airde Caesar ag cur lena shuaimhneas. Ní raibh a leithéid de theacht i láthair Caesar feicthe riamh ó thaobh méide agus costais. Ba léir ag an bpointe sin nach raibh sa munus a thuilleadh ach comóradh amach is amach, gan idirdhealú cheart leis an ludi ársa.

Leathnaigh na cluichí amach fud fad na Poblachta agus i bhfad i gcéin. Níor éirigh le dlíthe fríth-coiriúlachta na blianta 65 agus 63 RC cur isteach nó amach orthu ach oiread. Ghlac Ágastas údarás impiriúil ar na gcluichí, na munera san áireamh, tar éis fheallmharú Caesar agus an Cogadh Cathartha Rómhánach. Chuir Ágastas bonn foirmiúil orthu chomh maith mar dhualgas chathartha agus reiligiúnach. Rinne sé atheagar ar an dlí iomarcach chun uasmhéid a ghearradh ar chaiteachas príobháideach agus poiblí ar munera, chun baol féimheachta a choimeád glan ó dhoras scothaicme na Róimhe. Anuas ar sin, cuireadh bac iomlán ar munera ach amháin ag na féilte siúd Saturnalia agus Quinquatria. Ó shin i leith, an teorainn chostas a bhí ar munus "barainneach" oifigiúil le huasmhéid de 120 gliaire ná 25,000 denarii. I gcás ludi impiriúil "flaithiúil", 180,000 denarii ab ea an costas ba airde ceadaithe. Fud fad na hImpireachta, bhainfeadh na cluichí is mó agus is iomráití leis an gcultas impiriúil státurraithe, a chuir go mór le haitheantas poiblí, meas agus ceadú i dtaobh an Impire, a dlíthe agus a gníomhairí.

Idir na blianta 108 agus 109 AD, tuairiscíodh gur cheiliúraigh Tráián a bhuanna Dáiciacha le 10,000 gliaire agus 11,000 ainmhí i gcaitheamh 123 lá. Lean costas na ngliairí agus na munera ag dul as smacht. Ba bheag dochar a rinne reachtaíocht Marcas Áiréilias sa bhliain 177 AD agus rinne a mhac Commodus neamhaird ghlan air.

Meath cuir in eagar

Ni scéal gan casadh é cúlú na munera. Chuir géarchéim an 3ú haois ualach míleata sa bhreis a bhíodh ag fás de shíor ar stát-chiste an Impire, gur ar éigean a tháinig Impireacht na Róimhe slán as. Mar sin féin, lean impirí ar aghaidh ag tabhairt fóirdheontas don lucht eagraithe ar chúis leas an phobail. Ag tús an an 3ú haois AD, d'admhaigh an scríbhneoir Críostaí Tertullian go raibh a chomh-Chríostaithe fós faoi gheasa ag na munera . Cúis náire ab ea é, dar leis, mar Chríostaí, agus rinne sé cáineadh géar ar an doirteadh fola agus ar an lagú spioradálta agus moráltachta a bhain leis, gan trácht a dhéanamh ar an ngliaire mar neach d'íobairt dhaonna págánach.

Sa chéad dár gcionn, chreid Agaistín Hippo gur mór an náire é dúspéis óigeanta a chara (a bheadh ina chomh-coinbhéartach agus Easpag, dála an scéil, níos déanaí) Alypius Thagaste, gurb ionann na munera agus fritéis an tsaoil Chriostalaí agus slánuithe. Sa bhliain 325, chuir Constaintín bac ar iachall ar chur ar phríosúnaigh troid chun báis mar ghliairí. Feictear ar seo mar toirmeasc ar chomhraic gliaireachta. Mar sin féin, ina bhliain deireanach ar domhan, chuaigh Constaintín salach ar an dlí arís, nuair a bhronn sé cearta ar mhuintir Hispellum a rialú féin a chomóradh le cluichí comhraic.

Sa bhliain 365, bhagair Valentinian I fíneáil a ghearradh ar bhreitheamh a dhaor Críostaithe dul i i mbun troda sa airéine. Bhíodh sé de sprioc ag a gcomhghleacaithe costais munera a mhaolú le tamall anuas agus rinne Valentinian I amhlaidh sa bhliain 384. Buaileadh tairne marfach eile sa chónra sa bhliain 393 nuair a ghlac Teodaisias I (r. 379–395) an Chríostaíocht mar creideamh stáit na hImpireachta Rómhánaí agus gearradh bac ar fhéilte phágánacha amach is amach. Lean an ludi ar aghaidh, ach le págántacht na munera á thitim ar leataobh ar bhonn leanúnach. Sa deireadh thiar thall, ba é Honorius (r. 395–423) a chuir deireadh oifigiúil le munera sa bhliain 39 agus uair amháin eile in Impireacht na Róimhe Thiar sa bhliain 404.

Dar le Theodoret, bhí an toirmeasc mar thoradh ar mairtíreacht San Telemachus ag lucht féachana ag ceann de na munera. Chuir Valentinian III (r. 425–455) an toirmeasc i bhfeidhm in athuair sa bhliain 438, le rath níos mó, seachas venationes a lean ar aghaidh ón bhliain 536 i leith. Faoin am seo, bhí an spéise tite go tóin poill fud fad na himpireachta. San Impireacht Bhiosántach, lean na seónna amharclannaíochta agus rásaí carbad ar aghaidh le deontas thar a bheith flaithiúil ón impire.