Bíonn na dathanna uile sa raon infheicthe de radaíocht na Gréine. Forleathann na tonnfhaid fhada (dearg, buí, glas) gan bhac trí na gáis is na páirteagail san atmaisféar isteach chugainn. Ach bíonn na tonnfhaid ghearra (gorm) inchurtha le toisí na bpáirteagal san aer, ionas go scaipeann na páirteagail seo an dath gorm go háirithe sa ghrianradaíocht. Eiseamláir de scaipeadh Rayleigh é seo. I ndáiríre, frithchaitheann na páirteagail na tonnfhaid ghorma arís is arís eile, agus i rith an lae bíonn cuid den fhuinneamh gorm seo ag teacht anuas chugainn ón spéir an t-am ar fad. Mar sin, bíonn an spéir gorm.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Goirme na spéire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 326.