Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin

File, scríbhneoir agus aisteoir Éireannach

Is file, scríbhneoir, aisteoir, feadógaí, pianódóir, amhránaí ar an sean-nós agus rinceoir seite as Corcaigh í Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin. Tá sí i mbun máistreacht sa tSean-Ghaeilge agus sa Mheán-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá mórán duaiseanna bainte ag a cuid scríbhneoireachta agus ceoil, agus tá a saothar le léamh i bhfoilseacháin éagsúla, ina measc sna cnuasaigh Lampa ar Lasadh: Gradam Mháire Mhac an tSaoi agus Washing Windows Too: Irish Women Write Poetry, san iris Feasta, Comhar agus Nós agus na foilseacháin tríú leibhéil Breac, University Express, agus Tuathal. Bronnadh scoláireacht Quercus sna hEalaíona Cruathaitheacha agus Taibhithe uirthi freisin. Bíonn sí le clos ag imeachtaí amhail REIC agus Comórtas Slamfhilíochta Liú Lúnasa.

Infotaula de personaGormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir, ban-aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar