Damáiste a fhulaingíonn an cholainn le linn gníomhaíochta fisiciúla is lúthchleasaíochta: ballbhrú, briseadh, leonadh is gortú de thoradh athstraidhneála. Féadfaidh siad tarlú mar thoradh ar thráma nó forúsáid. Is féidir gorthuithe éadroma a chóireáil le scíth, oighear, comhbhrú is/nó ardú. I gcás gortuithe níos troime, bíonn gá le cúram míochaine go minic. Is féidir cuid díobh a sheachaint ach áiseanna cuí cosanta a chaitheamh le linn na lúthchleasaíochta: mar shampla, loirgneáin sa pheil, sciath drandail sa dornálaíocht, clogaid san iomáint.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Gortuithe spóirt". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 328.