Is éard is grianrú ann ná an oiread de radaíocht na Gréine (idir dhíreach is réscaipthe) a shroicheann an Domhan. Braitheann sé ar an domhanleithead agus an séasúr.

Réasúnta ard gar don mheánchiorcal, agus ag na Moil le linn an tsamhraidh Mholaigh (ach sa gheimhreadh Molach, bíonn sé nialasach). Tugtar an griantairiseach ar an oiread den radaíocht a shroicheann barr an atmaisféir.

Cailltear 53% den ghriantairiseach san atmaisféar, trí scaipeadh, ionsú is frithchaitheamh, sula sroicheann an ghrianradaíocht dromchla an Domhain.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Grianrú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 333.