Grisaille
teicníc phéintéireachta
Péintéireacht a dhéantar go hiomlán i ndoimhneachtaí éagsúla leith. Uaireanta déantar é chun cuma na dealbhóireachta a chur uirthi mar chuid de scéim maisiúcháin. Dhéantaí cóip bheag grisaille de phictiúr mór go minic chun gurbh fhéidir leis an ngreanadóir oibriú dá réir. Ag am na hAthbheochana thosaíodh péintéirí le grisaille mar fho-phéintéireacht. Sa Mheánaois dhéantaí fuinneoga gloine, a bhíodh ildaite de ghnáth, i ngrisaille mar chomhartha déine uaireanta (mar a rinne na Cistéirsigh).[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Grisaille". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 334.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |