Hans Reichenbach
matamaiticeoir is fealsamh eolaíochta Gearmánach
Matamaiticeoir is fealsamh eolaíochta a rugadh i Hamburg na Gearmáine ab ea Hans Reichenbach (26 Meán Fómhair 1891 – 9 Aibreán 1953). Rinne sé taighde ar theoiric na dóchúlachta agus d'fhoilsigh dhá leabhar shuntasacha ar fhealsúnacht, Philosophie der Raum-Zeit-Lehre (Fealsúnacht an Spáis is an Ama, 1927-1928) agus The Rise of Scientific Philosophy (Teacht Fhealsúnacht na hEolaíochta, 1951).[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Hans Reichenbach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 555.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |