Airí ábhar ar leith, cosúil le rubar, nuair is mó an straidhn de bharr struis ar leith nuair a bhíonn an strus á mhéadú ná nuair a bhíonn sé á laghdú. I ngraf an struis i gcoinne na straidhne, nuair a mhéadaítear an strus de réir a chéile is a laghdaítear é de réir a chéile ansin, faightear lúb, agus bíonn fairsinge na lúibe i gcomhréir leis an bhfuinneamh a ídítear san ábhar sa phróiseas inchúlaithe sin. Más mór fairsinge na lúibe, dhéanfadh an t-ábhar sin maolaire maith turrainge.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Histiréis leaisteach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 350.