Hormón, ar polaipeiptíd é, a thálann maothán tosaigh na faireoige piotútaí i veirteabraigh a bhfuil gialla acu. Spreagann sé fás na colainne trína iarmhairtí ar mheitibileacht próitéiní, carbaihiodráití is lipidí. Bíonn sé sainiúil don speiceas ina ghníomhaíochtaí. Más mínormálta a thál, is féidir go dtarlóidh abhcacht, fathacht, nó anchuma aghaidhe, lámh is cos.

HGH (= Human Growth Hormone).