Is mac le Uachtarán Mheiriceá, Joe Biden, é Hunter Biden (a rugadh ar an 4 Feabhra 1970).

Infotaula de personaHunter Biden

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Robert Hunter Biden
4 Feabhra 1970
54 bliana d'aois
Wilmington, Delaware, Delaware Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Georgetown - Baitsiléir Ealaíon
Scoil Dlí Yale - dochtúireacht sa dlí-eolaíocht
Archmere Academy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdlíodóir, duine den lucht gnó Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirBurisma Holdings, comhalta boird (2014–2018)
BHR Partners, comhpháirtí (2013–)
Amtrak, leaschathaoirleach (2006–2009)
MBNA Limited. (en) Aistrigh (1996–2001)
Roinn Tráchtála na Stát Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataCabhlach na Stát Aontaithe
Céim mhíleatameirgire Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachFamily of Joe Biden (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileKathleen Biden (en) Aistrigh (1993–2017), colscaradh
Melissa Cohen (en) Aistrigh (2019–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíGio R (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteFinnegan Biden (en) Aistrigh
 ( Kathleen Biden (en) Aistrigh)
Beau Biden Jr. (en) Aistrigh
 ( Melissa Cohen (en) Aistrigh)
Naomi Biden (en) Aistrigh
 ( Kathleen Biden (en) Aistrigh)
Maisy Biden (en) Aistrigh
 ( Kathleen Biden (en) Aistrigh)
Navy Joan Roberts (en) Aistrigh
 ( ) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJoe Biden  agus Neilia Hunter
SiblínBeau Biden, Naomi Biden agus Ashley Biden

IMDB: nm11045889 Cuir in eagar ar Wikidata
2013
2014

Conspóidí

cuir in eagar

Tharraing Hunter Biden conspóid i gcónaí. Bhí an tuairim forleathan i measc polaiteoirí sna 2010idí agus 2020idí go raibh coimhlint leasa ag Hunter Biden ina chuid oibre thar lear nuair a bhí a athair ag cur polasaithe eachtracha na Stát Aontaithe chun cinn ina ról mar Leas-Uachtarán. Bhí Hunter Biden fostaithe ina stiúrthóir ag comhlachtaí Burisma Holdings idir 2014-2019. Tháinig sé chun solas in 2019 gur thairg Donald Trump cúnamh fóirithinte 400 milliún dollar a íoc leis an Úcráin nó go bhfaighidh an tír tuilleadh eolais faoi ról mhuintir Biden san Úcráin. Bhí sé réasúnta soiléir ó na sonraí faoin nglaoch teileafóin a foilsíodh in 2019 gur chuir Trump brú ar údaráis na hÚcráine. D’iarr sé orthu oibriú i gcomhar lena dhlíodóir pearsanta Rudi Giuliani agus an tArd-Aighne William Barr le fiosrúchán a reáchtáil faoi mhuintir Biden.[1] Mhaígh Trump ar a shon sin agus uile nár lorg sé quid pro quo, nach ndearna sé aon bhagairt agus nár gheall sé tada.[2]

In 2023, d'iarr ceannasaí na bPoblachtach i dTeach na nIonadaithe go bhfiosrófaí na líomhaintí a bhí sa timpeall le fada gur bhain Joe Biden tairbhe le linn a thréimhse mar leasUachtarán as obair a mhic Hunter in áiteanna cosúil leis an Úcráin agus an tSín.

Ní raibh amhras ar beith ach go bhfuil ceisteanna le freagairt ag Hunter Biden agus go raibh deacrachtaí go leor aige ina shaol, idir chúrsaí pearsanta agus ghnó. Ní raibh aon amhras ach an oiread ach go raibh sé i gceist ag a athair a dhílseacht dá mhac a léiriú.[3]

Ar an 3 Meitheamh 2024, cuireadh Hunter Biden ar a thriail i stát Delaware maidir le gunna láimhe a bhí aige i 2018. Bhí 3 chúis tugtha i gcoinne Hunter Biden bainteach leis an ngunna a cheannaigh sé i Meán Fómhair 2018 agus a bhí ina sheilbh go mídhleathach más fíor ar feadh 11 lá i nDeireadh Fómhair 2018.

Tá sé mídhleathach gunna a cheannach más úsáideoir drugaí tú sna Stáit Aontaithe. Caitheann daoine ar mhaith leo gunna a cheannach foirm a líonadh isteach ar líne sula gceannaíonn siad airm. I measc na gceisteanna a chuirtear orthu, tá ceist maidir le drugaí. Cuireadh i leith Biden gur fhreagair sé nach úsáideoir drugaí a bhí ann, rud nach raibh fíor ag an am.[4]

Phléadáil Biden neamhchiontach.[5] Ach thug iarbhean chéile Biden agus iar-dheirfiúr chéile leis fianaise i rith na trialach atá díreach tagtha chun críche go raibh sé go hiomlán tugtha do dhrugaí sna seachtainí sular cheannaigh sé an gunna, agus le linn na seachtainí ina dhiaidh freisin. Taispeánadh teachtaireachtaí téacs agus taifid bhainc le linn na trialach freisin a thaispeáin, a dúirt na hionchúiseoirí, go raibh Hunter Biden tugtha do dhrugaí.

Ar an 11 Meitheamh 2024, ciontaíodh Biden i mbréaga a insint[6] faoina bheith tugtha do dhrugaí agus é ag ceannach gunna sa bhliain 2018, an chéad uair sna Stáit Aontaithe a ciontaíodh mac nó iníon de chuid Uachtaráin atá fós i gcumhacht.[7]

B’é Aturnae Speisialta na Roinne Dlí agus Cirt a ghlac an cás i gcoinne Hunter Biden. David Weiss is ainm dó agus b’é Donald Trump a cheap é le linn dó a bheith ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe.[4]

Seachaint chánach

cuir in eagar

Ag an am céanna, bhí cás coiriúil eile ag fanacht le Biden i Stát California. Bhain sé sin le bheith ag seachaint chánach. Bhí sé cúisithe i gcoireanna a bhaineann le bille cánach de $1.4m a sheachaint idir 2016 agus 2019, tréimhse ina raibh sé ag caitheamh na milliún ar dhrugaí, ar charanna agus ar mhná, dar leis na hionchúiseoirí.

Tá sé tar éis pléadáil neamhchiontach sna cúiseanna sin agus beidh sé ar a thriail ar 5 Meán Fómhair i Los Angeles.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Máirín Ní Ghadhra (26 Meán Fómhair 2019). "Scéal na hÚcráine agus Trump – an iarraidh a mharaigh an mhuc?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-06-03.
  2. Máirín Ní Ghadhra (20 Samhain 2019). "Dhá insint ar scéal Gordon Sondland" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-06-03.
  3. Máirín Ní Ghadhra (17 Meán Fómhair 2023). "Déan tusa mise a tháinseamh agus déanfaidh mise tusa a tháinseamh!" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-06-03.
  4. 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2024-06-11). "Hunter Biden ciontaithe i dtrí chúis i gCúirt Fheidearálach" (as ga-IE). 
  5. Nuacht RTÉ (2024-06-03). "Tús curtha le triail Hunter Biden" (as ga-IE). 
  6. Breithiúnas d'aon ghuth a bhí ann, sna trí chúis a bhí curtha i leith Hunter Biden.
  7. Nuacht RTÉ (2024-06-11). "Hunter Biden ciontaithe i dtrí chúis i gCúirt Fheidearálach" (as ga-IE).