Bhí Iain Knox (c. 1513 - 24 Samhain 1572) ina [[Ministrí agus seanóirí d'mhinistir Albanach, ina dhiagaire, agus ina scríbhneoir agus b'eisean a bhí ina cheannaire ar Reifirméisean na tíre sin. Bhunaigh sé Eaglais na hAlban.

Infotaula de personaIain Knox

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithc. 1514
Baile Adainn (Ríocht na hAlban)
Bás24 Samhain 1572
57/58 bliana d'aois
Dún Éideann (Ríocht na hAlban)
Áit adhlacthaSt Giles' Cathedral (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Moderator of the General Assembly of the Church of Scotland (en) Aistrigh
Nollaig 1568 – Feabhra 1569
Moderator of the General Assembly of the Church of Scotland (en) Aistrigh
Nollaig 1562 – Meitheamh 1563 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnPreispitéireachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Ghlaschú
Oilthigh Chill Rímhinn Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheSt Giles' Cathedral (en) Aistrigh
Cill Rìmhinn
Gníomhaíocht
Gairmdiagaire, scríbhneoir, ministir, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidEoin Cailvín
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileMargery Bowes (–1560)
Margaret Knox (1564 (Féilire Ghréagóra)–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteElizabeth Knox (en) Aistrigh
 ( ) Cuir in eagar ar Wikidata

Discogs: 1548009 Find a Grave: 5931377 Cuir in eagar ar Wikidata

Creidtear gur rugadh Knox i nGiffordgate, Baile Adainn, Labhaidh Thoir, agus gur cuireadh oideachas air in Ollscoil Chill Rímhinn agus gur oibrigh sé mar nótaire-sagart. Bhí tionchar mór ag na luath-leasaitheoirí ar nós George Wishart air, agus chuaigh sé isteach sa ghluaiseacht chun athchóiriú a dhéanamh ar eaglais na hAlban. Bhí sé gafa sna himeachtaí eaglasta agus polaitiúla a bhain le dúnmharú an chairdinéil David Beaton sa bhliain 1546 agus le hidirghabháil an leasrí Marie de Guise. Rinne fórsaí na Fraincean príosúnach de an bhliain dár gcionn agus d'imigh sé go Sasana nuair a scaoileadh é sa bhliain 1549.

Agus é ar deoraíocht, bhí cead ag Knox obair a dhéanamh in Eaglais Shasana, áit ar bhain se ardú céime amach mar shéiplíneach ríoga d'Éadbhard VI Shasan. D'imir sé tionchar nach beag agus é ag moladh na n-athchóirithe ar théacs an leabhair, Leabhar na hUrnaí Coitinne. I Sasana, bhuail sé agus phós sé a chéad bhean, Margery Bowes. Nuair a chuaigh Máire I i mbun ríchathaoir Shasana agus agus nuair a athbhunaíodh an Caitliceachas Rómhánach i Sasana agus in Éirinn, b'éigean do Knox éirí as a phost agus an tír a fhágáil. Bhog Knox go dtí an Ghinéiv agus ansin go Frankfurt. Sa Ghinéiv, bhuail sé le Jehan (nó i nGaeilge 'Eoin') Cauvin, óna bhfuair sé taithí agus eolas ar an Dhiagacht Leasaithe agus ar an Chóras Preispitéireach Siondálach. Chruthaigh sé ord nua seirbhíse, ar glacadh leis ag an eaglais leasaithe in Albain sa deireadh. D'fhág sé an Ghinéiv chun dul i gceannas ar eaglais na nDeoraithe Sasanach i bhFrankfurt, ach b'éigean dó imeacht toisc na difríochtaí a bhain leis an liotúirge, rud a chuir deireadh lena chomhcheangal le hEaglais Shasana.

Nuair a d'fhill sé ar Albain, bhí Knox i gceannas ar an Reifirméisean Protastúnach in Albain, i gcomhpháirtíocht le huaisle Protastúnacha na hAlban. Is féidir breathnú ar an ngluaiseacht mar réabhlóid, ós rud é go raibh Marie de Guise ag stiúradh na tíre, a rialaigh an tír in ainm a hiníne, Máire I. Chabhraigh Knox leis An Dearbhú Albanach a scríobh agus leis an ord eaglasta don eaglais nua-athchóirithe, an Kirk. Lean sé ag fónamh mar cheannaire reiligiúnach na bProtastúnach i rith réimeas Mhuire. I roinnt agallamh leis an mBanríon, cháin Knox í uirthi toisc go raibh sí ag tacú le cleachtais Chaitliceacha. Nuair a cuireadh i bpríosún í mar gheall ar a ról líomhnaithe i ndúnmharú a fear céile, an Tiarna Eanraig Stiúbhairt, Morair Darnley, agus cuireadh Séamas VI, cuireadh ina háit mar Rí na hAlbaní, agus d’iarr Knox go gcuirtear í chun báis. Lean sé air ag seanmóireacht go dtí a laethanta deiridh.