Iarmhairt Auger
In adaimh, líonadh folúis i sceall inmheánach leictreon ar leibhéal íseal fuinnimh le leictreon ó sceall níos seachtraí ar leibhéal níos airde fuinnimh. Bíonn an fuinneamh breise in ann tús a chur le hastú leictreoin eile. D'fhionn an fisiceoir Francach Pierre-Victor Auger an iarmhairt seo i 1925, agus bunaítear speictreascópacht Auger uirthi.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Iarmhairt Auger". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 55.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |