Iarmhairt Hall
Sraonadh iompróirí luchta i seoltóir nuair a fheidhmíonn réimse seachtrach maighnéadach orthu. Má bhíonn an réimse maighnéadach ingearach le treo na n-iompróirí, sraontar iad sa 3ú treo, atá ingearach leis an réimse maighnéadach agus treo na n-iompróirí luchta. Gintear difríocht poitéinsil ina voltaí sa 3ú treo seo. Is féidir an iarmhairt a úsáid chun lucht is polaraíocht na n-iompróirí luchta i seoltóirí is leathsheoltóirí a dhéanamh amach. Baintear feidhm aisti sa ghnáth-theilifíseán chun an léas leictreon a shraonadh agus an íomhá a scanadh ar an scáileán. D'fhionn Edwin Hall (1855-1938), fisiceoir ó na Stáit Aontaithe, an feiniméan i 1879.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Iarmhairt Hall". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 339.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |