Iarmhairt Mößbauer
Ionsú gan aisléim gáma-ghathanna ag ábhar is a n-astú ina dhiaidh sin is ea iarmhairt Mössbauer. An fisiceoir Gearmánach Rudolf Mößbauer (1929-) a d'fhionn an iarmhairt i 1958. De ghnáth nuair a ionsúnn adamh fótón gáma-ghathach, athastaíonn an fótón is aisléimeann an t-adamh, agus ar an mbealach seo bíonn tonnfhad an fhótóin astaithe níos faide ná tonnfhad an fhótóin ionsaithigh. Bhraith Mößbauer gur féidir le núicléis adamhacha, ag teocht íseal, fótóin gháma-ghathacha a ionsú is a athastú gan aisléim ina n-aonar. Is amhlaidh a tharchuirtear an aisléim go dtí toirt an ábhair, agus ní bhíonn iarmhairt ar fiú trácht uirthi ar an radaíocht astaithe. Tá speictriméadracht ar leith bunaithe ar an iarmhairt seo a úsáidtear chun deargaistriú na domhantarraingthe a bhrath.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Iarmhairt Mößbauer". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 471.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |