Speictriméadracht
Eolaíocht ina mbaintear feidhm as speictriméadar chun solas is tonnta leictreamaighnéadacha eile a anailísiú agus a speictrim a thomhas. Glacann an gléas seo an solas atá le tomhas trí scoiltín, cuireann trí lionsa é chun léas aontreoch a chruthú, cuireann trí phriosma nó gríl díraonta é chun an solas a spré ina ghathanna de dhathanna scoite, tomhaiseann déine gach datha, agus ar deireadh tarraingíonn graf de dhéine an tsolais i gcoinne an tonnfhaid nó an datha. Speictream atá sa ghraf seo. Astaíonn gach dúil speictream sainiúil ag gach teocht, agus mar sin is féidir comhdhéanamh foinse solais is a teocht a dhíorthú ó speictream an tsolais. Baineann réalteolaithe feidhm as speictriméadar chun na dúile atá i réalta nó réaltra i bhfad i gcéin a dhéanamh amach agus teocht rinn spéire a ríomh. Is féidir aistrithe i speictrim, mar dheargaistriú nó gormaistriú, a thomhas, agus uaidh sin gluaisne choibhneasta rinn spéire uainn nó chugainn.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Speictriméadracht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 618.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |