Iarmhairt Meissner
(Athsheolta ó Iarmhairt Meißner)
I bhforsheoltacht, díchur an réimse mhaighnéadaigh ó chroíleacán an ábhair fhorsheoltaigh. D'fhionn an fisiceoir Gearmánach Walther Meißner (1882-1974) í i 1933. Má chuirtear bloc miotail i réimse maighnéadach, beidh an réimse i ngach cuid den mhiotal. Ansin má laghdaítear an teocht níos lú ná teocht chriticiúil ar leith atá sainiúil don mhiotal sin, imíonn an réimse go hiomlán ón taobh istigh den mhiotal agus cuirtear iallach ar an réimse sreabhadh timpeall ar an miotal.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Iarmhairt Meißner". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 449.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |