Idirghnéasacht
Forbairt ghnéasach mhínormálta de bharr aimhrialtachtaí i gcomhlánú na ngnéaschrómasóm (XX sa bhaineannach is XY sa bhfireannach), nó lochtanna i bhforbairt na ngónad sa suth óg. Is féidir go mbeidh dabht mar gheall ar ghnéas naíonáin nuabheirthe, nó nach n-éireoidh amhras faoi staid idirghnéasach nó éiginnte ach amháin ag an gcaithreachas. Uaireanta, is gá mionanailís na gcrómasóm, meastacháin ar thál na ngnéashormón, agus bithóipse na bhfaireog gnéasach chun fadhb chasta a réiteach.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Idirghnéasacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 362.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- An tIdirghnéas - https://ralphhod.wordpress.com/2015/07/22/an-tidirghneas/[1]