Infreafhuaim
Is éard is infreafhuaim ann ná fuaimthonnta de mhinicíocht níos lú ná 20 Hz.[1][2] Ní féidir le duine na tonnta seo a aireachtáil leis na cluasa, ach is féidir iad a bhrath mar a bheadh brú ar an gcolainn má bhíonn an tonn dian go leor. Mar shampla, gineann pléascadh tonnta infreafhuaime (chomh maith le tonnta fíorfhuaime), agus déanann séideadh na gaoithe trí chrainn is thart ar fhoirgnimh mhóra an rud céanna. Tugtar infreasonaic ar staidéar na hinfreafhuaime.[3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “infrasound — Aistriúchán Gaeilge ar infrasound (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-07-03.
- ↑ ““infrasound” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-03.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Infreafhuaim". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 368.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |