Córas cothaithe d'ainmhithe is ea innilt nialais (Béarla: zero grazing).[1] Coinnítear na hainmhithe i bhfoirgneamh, clós nó banrach. Ní ligtear dóibh innilt go saor sna páirceanna ina bhfuil an féar ag fás. Tugtar sadhlas nó féar nua-bhainte dóibh le n-ithe. Laghdaíonn sí an diomailt mar gheall ar thachtadh, innilt roghnach is póitseáil.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. “zero grazing” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-14.
  2. Hussey, Matt (2011). "Innilt nialais". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 371.