Interstellar
Scannán 2014 ficsean eolaíochta faoi stiúir Christopher Nolan is ea Interstellar. Ghlac Matthew McConaughey, Anne Hathaway, Jessica Chastain, Ellen Burstyn, Mackenzie Foy, John Lithgow, Michael Caine agus Matt Damon páirt sa scannán. Léiríonn an scannán grúpa spásairí a théann trí pholl péiste ar lorg baile nua don chine daonna. Scríobh deartháireacha Christopher agus Johnathan Nolan an scannán, ag cumasc script scríofa ag Johnathan sa bhliain 2007 le smaoineamh Christopher. Léirigh Christopher Nolan an scannán in éindí lena bhean, Emma Thomas, agus Lynda Obst. Tugadh ról don fhisiceoir teoiriciúil Kip Thorne, fear ar imir a chuid oibre tionchar ar an scannán, mar chomhairleoir eolaíoch agus léiritheoir feidhmiúcháin. Chomh-mhaoinigh Warner Bros., Paramount Pictures, is Legendary Pictures an scannán, agus bhí Syncopy is Lynda Obst Productions i seirbhís mar chomhlachtaí léirithe. Thosaigh an scannánú ag deireadh na bliana 2013 in Alberta, Ceanada; An Íoslainn agus Los Angeles.
Interstellar | |
---|---|
![]() An teideal ag tús an scannáin | |
Stiúrthóir | Christopher Nolan |
Léiritheoir | Emma Thomas Christopher Nolan Lynda Obst |
Scríbhneoir | Johnathan Nolan Christopher Nolan |
Aisteoirí | Matthew McConnaughey Anne Hathaway Jessica Chastain Bill Irwin Ellen Burstyn Michael Caine |
Ceol le | Hans Zimmer |
Cineamatagrafaíocht | Hoyte van Hoytema |
Eagarthóir | Lee Smith |
Dáileadh ag | Paramount Pictures Warner Bros. Pictures |
Eisiúint | 5 Samhain, 2014 (SAM) |
Fad reatha | 169 nóiméid |
Tír | SAM An Ríocht Aontaithe |
Teanga | Béarla |
Buiséad | $165 milliún |