James Wyatt

ailtire Sasanach

Ailtire a rugadh i mBurton Constable Shasana ab ea James Wyatt (3 Lúnasa 1746 - 4 Meán Fómhair 1813).

Infotaula de personaJames Wyatt

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith3 Lúnasa 1746
Weeford, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás4 Meán Fómhair 1813
67 bliana d'aois
Marlborough, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás tionóisceach (Titim de chapall)
Áit adhlacthaAbtheach Westminster Cuir in eagar ar Wikidata
Uachtarán Acadamh Ríoga na nEalaíon
1805 – 1806 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreAiltireacht, caomhantas, ealaín fheidhmeach agus Ealaíona maisithe
Suíomh oibre An Veinéis (1762–1764)
An Róimh (1762–1768)
Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmailtire, athchóiritheoir, dearthóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
SiblínSamuel Wyatt

Find a Grave: 13834777 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhain sé cáil amach as a dhearadh nua-chlasaiceach do Phaintéón Londan (1772). Cé nach raibh an struchtúr suntasach mórán ón taobh amuigh tharraing an halla aird mhór ón bpobal agus bhí praghsanna an-arda ar thicéid le haghaidh imeachtaí ann. Ní raibh a leithéid de spás cruinnithe le feiceáil roimhe sin, dar lena lán, leis an gcruinneachán mór, na fohallaí timpeall an phríomhsheomra agus an stíl chríochnúil ar gach rud. Osclaíodh an foirgneamh sa bhliain 1772 ach dódh é fiche bliain ina dhiaidh, sa bhliain 1792.

Saothar eile leis is ea Mainistir Fonthill (1796-1807), athbheochan Ghotach a thit as a chéile beagnach go hiomlán sna 1920idí.[1]

Ostán Wyatt, Cathair na Mart
circa 1800

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "James Wyatt". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 706.
 
An halla cruinneachánach i bPaintéón Londan