Amhránaí Tibéadach is ea Jamyang Kyi, a rugadh sa bhliain 1965 in Amdo in oirthuaisceart na gcríoch Tibéadach. Is scríbhneoir, iriseoir, láithreoir do Theilifís Qinghai agus feiminí í freisin.

Infotaula de personaJamyang Kyi

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1965
58/59 bliana d'aois
Amdo Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, scríbhneoir, amhránaí, aistritheoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Mhandairínis Chaighdeánach
UirlisCeol gutha

A saol pearsanta cuir in eagar

Rugadh Jamyang Kyi i gcúige Qinghai, sa chuid a dtugann na Tibéadaigh Amdo air, réigiún ina maireann roinnt grúpaí eitneacha inniu agus go traidisiúnta ceann de na trí réigiúin den Tibéid. Rugadh isteach í i dteaghlach tuaithe i maoracht féinrialach Tsolho (Hainan). Bhí cónaí uirthi ina dhiaidh sin i gcathair Xining in Amdo i gcúige Qinghai. Tá sí pósta agus tá beirt iníonacha aici.

Amhránaíocht cuir in eagar

Is amhránaí í Jamyang Kyi. Cumann sí féin na hamhráin a chasann sí. Le linn na 1990idí, thaifead sí roinnt albam, ina measc Paidir, Karma agus Leannán i gcéin". Tar éis eisiúint albam eile léi, Teachtaireacht ón gcroí, sa bhliain 1997, d'fhás a clú sa Tibéid. Tá ceol Jamyang Kyi faoi thionchar cheol traidisúnta agus nua-aimseartha mhuintir na Tibéide.

Scríbhneoireacht agus teilifís cuir in eagar

Iriseoir teilifíse agus scríbhneoir atá in Jamyang Kyi. Chuir sí cláracha i láthair i Tibéidis ar an slabhra úd Teilifís Qinghai ar feadh breis is 20 bliain. Ó 2005 i leith, tá roinnt aistí faoi staid na mban sa Tibéid scríofa aici. I measc a cuid alt atá curtha i gcló tá ceann amháin ina chuireann sí síos ar dhéileáil na mban óg (Qinghai Daily, eagrán Tibéidise, 11/30/05), agus ceann eile faoi stádas na mban sa phobal Tibéadach. Tá cur síos faoi leith déanta aici ar phóstaí faoi iachall.

A gabháil cuir in eagar

Agus corraíl shóisialta ar siúl sa Tibéid sa bhliain 2008, ghabh póilíní de chuid na Síne Jamyang Kyi ar 1 Aibreán 2008 ina háit oibre ag Teilifís Qinghai[1]

Tagairtí cuir in eagar