Janet Yellen
Eacnamaí Meiriceánach is ea Janet Louise Yellen a rugadh ar 13 Lúnasa 1946. Faoi láthair tá sí ina cathaoirleach ar Bhord Ghobharnóirí Chóras an Chúlchiste Fheidearálaigh, a stiúrann feidhmiú na mbainceanna sna Stáit Aontaithe. Sular bhain sí an post sin amach, bhí sí ina leas-chathaoirleach ar an chóras chúlchiste. Roimhe sin, bhí sí ina huachtarán agus príomhoifigeach feidhmiúcháin ar Bhanc Cúlchiste Fheidearálaigh San Francisco, ina cathaoirleach ar Chomhairle Eacnamaíochta an Tí Bháin faoin Uachtarán Bill Clinton, agus ina hollamh le gnó ag Scoil Gnó Haas de chuid Ollscoil California, Berkeley.
Aithnítear mar shaintréith léi a cumas le teoiric na heacnamaíochta a nascadh le cúrsaí an tsaoil laethúla. Luaigh an tUachtarán Barack Obama é sin agus é á hainmniú mar chomharba ar Ben Bernanke mar Chathaoir ar Chúlchiste Fheidearálaigh na Stát Aontaithe.
Óige, oideachas agus saol príobháideach
cuir in eagarRugadh Yellen isteach i dteaghlach Giúdach i mBrooklyn, Nua-Eabhrac. Lia ab ea a hathair.[1][2] B'as Suwałki, sa Pholainn do mhuintir a hathair. D'fhreastail sí ar Fort Hamilton High School in Bay Ridge, comharsanacht i mBrooklyn.[3] Bhain sí céim baitsiléara summa cum laude san eacnamaíocht amach ó Coláiste Pembroke (Ollscoil Brown') sa bhliain 1967. Ag déanamh a cuid staidéar di ag Brown, léigh Yellen fealsúnacht ach d'iompaigh sí chuig an eacnamaíocht. Chuaigh beirt ollamh i bhfeidhm uirthi go háirithe, George Borts agus Herschel Grossman.[4] Bronnadh Ph.D. san eacnamaíocht uirthi in Ollscoil Yale sa bhliain 1971 as a téis dar theideal Employment, output and capital accumulation in an open economy: a disequilibrium approach faoi stiúradh beirt duaiseoirí Nobel James Tobin agus Joseph Stiglitz, a mhol Yellen mar dhuine de na mic léinn ba chliste agus shuntasaí ariamh aige.[5] Ise an t-aon bhean ar bronnadh Ph.D. san eacnamaíocht uirthi an bhliain sin ag Yale.
Tá Yellen pósta ar George Akerlof, eacnamaí agus duaiseoir Nobel, atá ina ollamh in Ollscoil Georgetown agus a bhfuil stádas mar ollamh emeritus in Ollscoil California, Berkeley.[6] Múineann a mac, Robert Akerlof, eacnamaíocht in Ollscoil Warwick.[7]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Obama to nominate Jewish economist Janet Yellen as new Fed chief".
- ↑ "Janet Yellen's Faith Slips Under the Radar As Gender Takes Over -New Fed Chief Is First Women to Hold the Position". The Jewish Daily Forward. October 15, 2013
- ↑ "Fort Hamilton HS class of 1962".
- ↑ http://www.brownalumnimagazine.com/content/view/3549/31/ "Banker to the Nation", Stephanie Grace, Brown Alumni Magazine, Eanáir–Feabhra 2014. Dáta rochtana: 1 Iúil 2016
- ↑ https://www.federalreserve.gov/aboutthefed/bios/board/yellen.html[nasc briste go buan]
- ↑ "U.C. Berkeley professor turns 'lemons' into Nobel Prize". J. the Jewish news weekly of Northern California.
- ↑ "Faculty Directory – University of Warwick, Department of Economics".
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Beathaisnéis Janet Yellen ag Bord Ghobharnóirí Chóras an Chúlchiste Fheidearálaigh. Dáta rochtana: 30 Meith. 2016 Curtha i gcartlann 2012-12-01 ar an Wayback Machine
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |