Jim Stynes

imreoir peile Astrálaí

Fear spóirt agus daonchara Éireannach ab ea James "Jim" Stynes, OAM (23 Aibreán, 196620 Márta, 2012). Peileadóir Gaelach a bhí ann ina óige, agus é ag imirt leis an gclub Baile Buadáin Naomh Éanna agus foireann mhionúir Bhaile Átha Cliath. Sa bhliain 1984, bhí Stynes ar dhuine de na céad peileadóirí a thapaigh an deis chun peil Astrálach a imirt san Astráil, agus bhain sé clú agus cáil amach ag imirt ag leibhéal is airde an chluiche.

Infotaula de personaJim Stynes

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith23 Aibreán 1966
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás20 Márta 2012
45 bliana d'aois
St Kilda, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Meileanóma)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil RMIT
Coláiste De La Salle, Baile an Teampaill Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheCollingwood
St Kilda
Gníomhaíocht
Gairmimreoir peile Astrálaí, imreoir peile Gaelaí, imreoir rugbaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Spórtpeil Astrálach Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
Melbourne Football Club (en) Aistrigh
Prahran Football Club (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Chuaigh Stynes go mór i gcion ar phobal na hAstráile, ar mhuintir Mhelbourne ach go háirithe - mar shárimreoir agus mar gheall ar an obair charthanachta a bhí á dhéanamh aige taobh amuigh den ghort imeartha.

D'éag Jim Stynes de bharr ailse, tar éis streachailt phoiblí in aghaidh an ghalair sa bhliain 2012. Bronnadh sochraid stáit air, mar aitheantas ar an méid a bhain sé amach san Astráil.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar